Ainm: | Mary Doohan | |
Áit Chónaithe: | Mín Lárach, Gort an Choirce |
Áit Dúchais: | Baile Thiar, Oileán Thoraí |
Catagóir: | An Pobal |
Fochatagóir: | Spailpíní |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Fostach / An Raibeal: Bhí sí ar fostach ag sé bliana déag agus chuaigh a hathair léi agus rinneadh conradh le feirmeoir as Doire ar phunt agus fiche ar feadh na sé mí. Bhíodh sé ceann eallaigh le bligh agus bhíodh sí ina suí ar an sé a chlog ar maidin. Bhíodh níochán agus glanadh agus go leor oibre eile le déanamh aici fosta i rith an lae. Thart fan bhliain 1946 a bhí ann. Chaith sí dhá shéasúr ag an fheirmeoir sin agus ina dhiaidh sin fostaíodh í ag feirmeoir eile as Doire ar a dtugtaí Galbraith air.
Fostaíodh ina dhiaidh sin i gCo. Aontroma í agus ba obair tí uilig a bhí le déanamh. | 00:04:43 | |